Carúil na Nollag agus Ciseán na Carthanachta
Event details
Date and time
11 December 2025
11:00 am
Date and time
11 December 2025
11:00 am
The summary
Tá aimsir na scrúduithe - agus na Nollag - ag teannadh linn.
Bheadh sé go deas sos beag a thógáil ón staidéar/ ón gceartúchán/ ón mbrú oibre ar feadh uaire!
Beidh tae/ caife/ sólaistí i gCaife na Gaeilge, Áras na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ar an Déardaoin, 11 Nollaig, 11 - 12.30 nó mar sin.
Casfaimid cúpla carúl le chéile le teacht na Nollag a mharcáil agus le cúnamh Dé beidh cúpla port, amhrán agus capar damhsa againn!
Ní ghearrfar aon airgead ar na sólaistí agus iarrtar ar dhaoine bronntanas / bia a thabhairt leo do chiseán na Nollag nó síntiús airgid a thabhairt más féidir leo. Níl sé seo riachtanach, beidh fáilte roimh chách pé scéal é.
Ní bhíonn an t-am seo den bhliain éasca ar dhaoine áirithe agus déanaimis iarracht lámh chúnta a thabhairt dóibhsean is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu, más féidir linn.
Odí Ní Chéilleachair
Well done!




Odí Ní Chéilleachair
Well done!




Odí Ní Chéilleachair
Well done!

